
Cailín A' Tsléibhe Ruaidh
'gCluin sibh mise 'bhuachaillí   
An méid agaibh 'tá libh féin 
Suígí thart fán tinidh anseo 
Go n-insí mé mo scéal 
Bhí buachaill ar a' bhaile seo 
'Bhí súgach aerach suairc 
Agus tháinig sé 'dhénamh cleamhnais 
Le cailín a' tsléibhe ruaidh 
A spéirbhean álainn aigeantach 
Ba deise méin is clú 
Bí 'teacht liom féin le dúscadh 'n lae 
Go bpóstar mé 'gus tú 
Bí 'teacht liom féin amárach 
'S ná bíodh ort brón ná gruaim 
Is cuirfidh mé gúna síoda ort 
A chailín a' tsléibhe ruaidh 
Níorbh fhios don streabhóg ghiodalaigh 
Cad é ba chóir di 'rá 
Ach a' dealramh 'bhí ina súile 
Den oíche go ndéanfadh lá 
A rún mo chroí 'nois díbir thusa 
Mearadh 'n ghrá seo uait 
Nó is rún liom fanacht díomhain seal 
Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh 
A mhaidhdean mhaiseach mharánta 
Cad é seo 'tá tú 'rá 
Dearc síos a' gleann faoi bhuach na mbeann 
Is breathnaigh mo chuid barr 
Tá togha na bhfear 'sna mbeathach agam 
Ag obair ann go cruaidh 
'S tá stór is maoin go leor agam 
Do chailín a' tsléibhe ruaidh 
Má tá stór is maoin go leor agat 
Ní domhsa is fearrde é 
Nó deirtear liom go n-ólfá thusa 
Maoin a' tsaoil go léir 
'Do shuí suas 'dtigh an óstaí 
'Do dhrabhlás bhocht gan chéill 
Ar feadh na hoích' ag ól 's a' gabháil 
'Na bhaile le bánú 'n lae 
Más fear mé 'tá 'g ól, a chailín chóir 
Ní ólaim ach mo chuid féin 
Chan tú 'tá 'g íoc ar son na dí 
Níl agat pingin mar spré 
Is anois ná síl go bhfuil mo chroí 
Bocht briste de do chumhaidh 
Nó fágaim thú mar fuair mé thú 
Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh









