Ansacht Na Nansacht
A dtug mé m'ansacht go léir duit 
Nach cuimhin leat mo mhealladh 
Is rinn tú'n fheall orm na dhéidh sin 
Anois atá mé folamh 
Is go bhfuil m'intinn lánbhuartha 
'S mé ag amharc ar mo leannán 
Ag fear eile á bréagadh 
Éireoidh mé ar maidin 
Le theacht dheirg na gréine 
Agus fuígfidh mé mo bheannacht 
Ag cailíní an tsaoil seo 
Bhéarfaidh mé an ruaig sin 
Thart suas fá Loch Éirne 
'S ní phillfidh mé 'na bhaile 
Go gcanfaidh 'n chuach ann gach réigiún 
Mar bhláth bán na neoiníní 
Bhíos a' fás i dtús a' tSamhraidh 
Nó mar fhaolán dheas bhán 
A bhíos a' snámh ar na méillte 
Mar ghrian os cionn na dtuillte 
'Sí dealrú thart timpeall 
'S nach siúd mar bhíos mo ghrása
A' deanámh rámhaillí i m'intinn